Scéal an bháid, an ‘Wasp’ a cailleadh ar chúl an tí solais i dToraigh nuair a bhí sí ag teacht le cíos a thógáil óna tionóntaí. Rinne mná an oileáin an turas agus tiontaíodh cloch na mallachta ar an long. Chuaigh an long ar na creagacha agus chuaigh sí go tóin poill agus cailleadh cuid mhór fir. Chuir sagart agus beirt cléireach an chloch i bhfolach agus níl a fhios ag duine ar bith c’áit a bhfuil sí anois.